Seirbhísí Víosa
Eolas tábhachtach maidir le Córas Nua Víosa na hÉireann
Ó Samhain 2007, beimid ag cur córas nua ríomhairithe víosa i bhfeidhm, darbh ainm AVATS, le háis ar líne san áireamh ann. Tabharfar an córas isteach de réir a chéile le linn 2008 chuig Ambasáidí/Consalachtaí/Oifigí Víosa na hÉireann go léir.
Cliceáil anseo do liosta na dtíortha as ar féidir leat rochtain a fháil ar an áis AVATS ar líne faoi láthair. Ba cheart do náisiúnaigh a bhfuil víosa de dhíth orthu, agus atá ina gcónaí in aon tír eile, iarratas a dhéanamh ag úsáid foirm iarratais pháipéir. Leis an bhfoirm iarratais víosa a fheiceáil nó a íoslódáil cliceáil anseo (PDF 2849kb) .
Iontráil chuig Seirbhísí Víosa
Tá víosa iontrála d’Éirinn de dhíth ar shaoránaigh ó thíortha áirithe. Le haghaidh tuilleadh eolais maidir le tíortha ina bhfuil Víosa riachtanach, cliceáil anseo.
Tá an phríomhfhreagracht maidir le polasaí inimirce agus víosa na hÉireann ar an Roinn Dlí agus Cirt, Comhionannais agus Athchóirithe Dlí. I mí Eanáir 2006 bhunaigh an Rialtas Seirbhís Eadóirseachta agus Inimirce na hÉireann (SEIÉ) sa Roinn sin agus tá an fhreagracht fhorleathan maidir le cúrsaí víosa agus inimirce ag an ngníomhaireacht seo. Chun dul i dteagmháil le SEIÉ go díreach, cliceáil anseo.
Tá ról tábhachtach ag an Roinn Gnóthaí Eachtracha i gcóras víosa na hÉireann, mar go dtaisceann daoine atá ina gcónaí taobh amuigh d’Éirinn a n-iarratais ag ár nAmbasáidí agus ár gConsalachtaí. I roinnt cásanna, de ghnáth do víosaí le haghaidh tréimhse ghearr mar shampla iarratais ghnó nó comhdhála, féadfaidh go mbeadh prionsabal an cheada tharmligthe i bhfeidhm, agus déanfaidh an tOifigeach Víosa ag an Ambasáid nó ag an gConsalacht áitiúil an cinneadh. I gcásanna eile, cuirfidh ár Misin thar lear d’iarratas faoi bhráid na n-oifigeach SEIÉ i mBaile Átha Cliath, nó déanfar an cinneadh ag ceann de na hOifigí Víosa tiomnaithe thar lear (atá lonnaithe in Abuja, Béising, Caireo, Londain, Moscó agus Deilí Nua).
Ba cheart d’iarratasóirí atá in Éirinn agus ar mhaith leo iarratas a chur isteach do víosa athiontrála, nó a bhfuil ceisteanna eile acu, teagmháil dhíreach a dhéanamh leis an Roinn Víosa den SEIÉ.
I gcás iarratasóirí atá ina gcónaí sa Bhreatain Mhór, is féidir leo siúd eolas faoi na riachtanais ag baint le víosaí Éireannacha a fháil trí scairt a chur ar uimhir ardráta, 0906 6610197. Cosnaíonn scairteanna gutháin £1.50 in aghaidh an nóiméid ag gach am den lá. Is iad uaireanta gnó na líne seo ná 9.00 r.n. go 5.30 i.n. Luan go hAoine ach amháin Lá Nollag, Lá Fhéile Stiofáin, Lá Caille agus Aoine an Chéasta. Déanann ABTRAN láimhseáil ar gach ceist maidir le víosa ar an uimhir seo. Ligeann seo d’ fhoireann na roinne víosa a n-aird go hiomlán a thabhairt ar phróiseáil na n-iarratas víosa chomh tapa agus is féidir. Má tá gearán agat maidir leis an tseirbhís seo, cuir na sonraí i ríomhphost agus seol chuig: IELondonCustomerService@abtran.com chun go ndéanfar fiosrú ar an scéal.
I gcás iarratasóirí atá ina gcónaí sna Stáit Aontaithe, is féidir leo siúd eolas faoi na riachtanais ag baint le víosaí Éireannacha a fháil trí scairt a chur ar uimhir ardráta, 1900-776-5000 nó trí scairt a chur ar 1800-735-5888 agus íoc as a scairt gutháin le cárta creidmheasa. Cosnaíonn na scairteanna $2.90 in aghaidh an nóiméid ag gach am den lá. Is iad uaireanta gnó na líne seo ná 8.30 r.n. ACO go 8.30 i.n. ACO Luan go hAoine ach amháin Lá Nollag, Lá Fhéile Stiofáin, Lá Caille agus Aoine an Chéasta. Déanann ABTRAN láimhseáil ar gach ceist maidir le víosa ar an uimhir seo. Ligeann seo d’fhoireann na roinne víosa a n-aird go hiomlán a thabhairt ar phróiseáil na n-iarratas víosa chomh tapa agus is féidir. Má tá gearán agat maidir leis an tseirbhís seo, cuir na sonraí i ríomhphost agus seol chuig: IELondonCustomerService@abtran.com chun go ndéanfar fíorú ar an scéal.
Ceisteanna Coitianta:
• An bhfuil Víosa de dhíth orm chun teacht go
hÉirinn?
• Cén cineál víosa atá de dhíth orm?
• Conas a ndéanaim iarratas?
• Táillí Víosa
• Naisc úsáideacha do thaistealaithe go hÉirinn
Eolas maidir le Caighdeáin Seirbhíse
Tá an Roinn Gnóthaí Eachtracha agus a hOifigí, Ambasáidí agus Consalachtaí Thar Lear san áireamh, tiomanta do sheirbhís ardchaighdeáin a sholáthar do gach ball den phobail. Le haghaidh tuilleadh eolais cliceáil anseo.
Gearáin agus Ceartú
De ghnáth cuirtear gearáin maidir le cáilíocht seirbhísí nó an dóigh ina seachadann an Rannóg Consalachta nó Ambasáid nó Consalacht thar lear faoi bhráid maoirseoir áitiúil ar dtús báire. Is féidir le haon duine nach bhfuil sásta, agus ar mhaith leo gearáin scríofa a dhéanamh, é seo a dhéanamh ach dul i dteagmháil leis an Oifigeach Seirbhísí Custaiméara, a dhéanfaidh imscrúdú ar an gceist go pras agus a thabharfaidh freagra ar an duine atá i gceist.
Oifigeach Seirbhísí Custaiméirí
An Roinn Ghnóthaí Eachtracha
80 Faiche Stiabhna
Baile Átha Cliath 2
Teil: 353 1 478 0822
Facs: 353 1 4785924


