Comhairle do Mhic Léinn J1

Tá sé riachtanach pleanáil sula dtabharfaidh tú turas thar lear, go háirithe má tá sé ar intinn agat oibriú agus maireachtáil i dtír eile. Chun a chinntiú go dtabharfaidh tú cuairt J1 thaitneamhach rathúil ar na Stáit Aontaithe, molaimid duit na leideanna seo a leanas a léamh:

COINNIGH DO PHAS SLÁN

Gach aon bhliain, bíonn fadhbanna ag mic léinn J1 toisc go gcailleann siad a bpasanna nó toisc go ngoidtear iad.   Is féidir cáipéisí taistil athchuir a fháil ag an Ambasáid nó Consalacht Éireannach is gaire duit.  Mar sin féin, cuireann sé sin le costas do thurais agus d'fhéadfadh sé moill shuntasach a chur ort.  Coinnigh do phas slán i gcónaí agus déan iarracht gan é a iompar go poiblí.  Tabhair aitheantas grianghraif eile leat, cosúil le ceadúnas tiomána.  Moltar duit freisin fótachóip de leathanach aitheantais do phas a choinneáil in áit shlán ar eagla go mbeidh ort pas athchuir a iarraidh. Ná déan dearmad, má thaistealaíonn tú go Meicsiceo, ní bheidh cead agat dul ar ais isteach sna SA gan phas bailí inléite ag meaisín.

TABHAIR GO LEOR AIRGID LEAT

Déan cinnte go bhfuil go leor airgid agat le tusa a bhunú i SAM.   Tabhair meascán d'airgead tirim, seiceanna taistil agus cártaí creidmheasa leat, agus ná coinnigh d'airgead uile in áit amháin.  Leag amach buiséad réalaíoch sula n-imeoidh tú.  Má tá tú chun cóiríocht a fháil ar cíos, ceanglófar ort éarlais sábháilteachta agus roinnt cíosa a íoc roimh ré.  Cuirtear a lán árasán agus tithe i SAM ar cíos gan aon troscán iontu agus mar sin seans go mbeidh an costas breise sin i gceist duit freisin.  Ná déan dearmad go bhféadfadh roinnt seachtainí dul thart sula bhfaighidh tú obair nó d'Uimhir Slándála Sóisialaí, agus mar sin, tabhair go leor airgid leat chun íoc as do chostais go dtí sin.

BÍODH NA DLÍTHE ÁITIÚLA AR EOLAS AGAT

Tabhair faoi deara go ngearrtar pionóis níos déine as cionta a bhaineann le mí-ordú poiblí, cosúil le meisce phoiblí, sna Stáit Aontaithe ná mar a ghearrtar in Éirinn.  Meastar go bhfuil úsáid agus soláthar drugaí ina gcionta tromchúiseacha freisin.  Má ghabhtar thú agus má chiontaítear thú, d'fhéadfadh sé dul i gcion ar do chumas dul ar ais chuig na Stáit Aontaithe sa todhchaí.  Cé go gcuirfidh ár nAmbasáidí agus ár gConsalachtaí a mhéid cúnaimh is féidir ar fáil duit má ghabhtar thú, ní féidir leo tú a scaoileadh ón bpríosún nó cabhrú leat triail a sheachaint.

CUIR SCÉALA CHUGAINN

Coinnigh do theaghlach ar an eolas faoin áit ina bhfuil tú agus faoi do phleananna taistil.  Tabhair guthán soghluaiste a oibríonn sna Stáit Aontaithe leat ionas go mbeifí in ann dul i dteagmháil leat i gcás éigeandála nó géarchéime.  Mura bhfuil cuntas ríomhphoist agat cheana féin, faigh ceann.  Tá a lán cuntais ríomhphoist gréasán-bhunaithe, cosúil le Yahoo!, G-mail agus Hotmail saor in aisce, agus is bealach éasca saor é scéala a chur chuig do theaghlach agus do chairde.  Ná déan dearmad go bhféadfadh do theaghlach agus do chairde a bheith buartha fút gan chúis mura ndéanann tú teagmháil rialta leo.

BÍ AR d'AIRDEALL

Cuir na réamhchúraimí céanna i bhfeidhm agus a chuirfeá i bhfeidhm sa bhaile.  Bí ar an eolas faoi céard atá ar siúl timpeall ort agus fan amach ó áiteanna ina bhfuil tú míchompordach.  Seachain áiteanna 'dainséaracha', go háirithe i ndiaidh thitim na hoíche.  Ná glac le síobanna ó strainséirí.  Ná siúil leat féin i ndiaidh dó éirí dorcha; déan iarracht taisteal i ngrúpaí más féidir.  Bí ar d'airdeall faoi dhrugaí - úsáideadh iad i gcásanna éignithe. 

BÍ CÚRAMACH LE hALCÓL

Nuair atá alcól á ól agat, bíodh do theorainn alcóil féin ar eolas agat.  Tá sé níos dóchúla go mbeidh tionóisc agat agus tú ólta, agus ní dóchúil go mbeidh tú faoi chumhdach do pholasaí árachais.  Tabhair faoi deara freisin go ngearrtar pionóis níos déine as cionta a bhaineann le mí-ordú poiblí sna Stáit Aontaithe ná mar a ghearrtar in Éirinn.

AMBASÁIDÍ ÉIREANNACHA SNA STÁIT AONTAITHE & I MEICSICEO

Tá Misin ag an Roinn Gnóthaí Eachtracha i Nua-Eabhrac, Washington, Bostún, Chicago, San Francisco agus Cathair Mheicsiceo a chuireann seirbhísí consalachta ar fáil do shaoránaigh Éireannacha. Tá sonraí teagmhála na nAmbasáidí agus Consalachtaí Éireannacha thar lear  le fáil anseo. 

COMHAIRLE BHREISE

D'eisigh an tIonad Comhairle Eisimirceach i mBaile Átha Cliath bileog chomhairle do mhic léinn J1 atá chun taisteal go dtí SAM i mbliana, agus is féidir í a fháil ag an nasc seo a leanas: www.emigrantadvice.ie. Tá tuilleadh eolais inti faoi conas uimhir slándála sóisialaí, cóiríocht agus fostaíocht a fháil i SAM.  Léigh ár gcomhairle freisin faoi Céard Ba Chóir duit a Dhéanamh i gCás Éigeandála.

Barr

Nithe Gaolmhara

Ailt Ghaolmhara

Níl aon naisc le taispeáint faoi láthair.

Cáipéisí Gaolmhara

Níl aon naisc le taispeáint faoi láthair.
Barr