Sula n-imíonn tú
- Réamhrá
- Pasanna
- Víosaí
- Árachas Taistil
- Réamhchúraimí Sláinte
- Cógas a Thabhairt
- Airgead
- Ag Tiomáint Thar Lear
- Trealamh Leictreach
- Sonraí Teagmhála Éigeandála
- Réamhchúraimí Speisialta Eile
SULA dTAISTEALAÍONN TÚ
Taistealaíonn formhór na saoránach Éireannach a théann thar lear gan stró, go minic toisc go raibh siad ullmhaithe i gceart sular imigh siad. Sula dtaistealaíonn tú, faigh eolas faoi do cheann scríbe. Is féidir leat eolas a fháil ó do ghníomhaire taistil, ó threoirleabhar nó ón Idirlíon. Féach ar ár gComhairle Taistil chun tuilleadh eolais agus comhairle a fháil.
Anseo thíos tá seicliosta de na rudaí le déanamh chun a chinntiú go mbainfidh tú taitneamh as do sheal thar lear agus nach mbeidh aon stró ort. Léigh an chomhairle faoi gach ceannteideal agus déan aon ghníomh ar chóir cuid mhaith roimh d'imeacht.
PASANNA
Seachas i gcás taistil chuig an R.A., tá pas bailí de dhíth ar
shaoránaigh na hÉireann chun taisteal chuig gach ceann scríbe.
Déan cinnte, seachtain roimh thaisteal ar a laghad, go
bhfuil pas bailí, neamhéagtha agat. Anois éilíonn
roinnt tíortha pas atá bailí ar feadh suas le sé mhí i ndiaidh
d'imeachta, agus mar sin, ba chóir an dáta éagtha a sheiceáil go
cúramach.
Ná déan dearmad go gceanglaíonn roinnt aerlínte ar na daoine fásta
uile aitheantas le grianghraf air a sholáthar nuair a sheiceálann
siad isteach le haghaidh taistil chuig an Ríocht Aontaithe.
Má theastaíonn
uait pas nua a iarraidh, cliceáil anseo.
VÍOSAÍ
Seiceáil an bhfuil víosa ag teastáil uait don tír a bhfuil tú chun
taisteal ann. Ní féidir leis an Roinn comhairle a chur ort faoi na
ceanglais maidir le víosaí i dtíortha eile. Mura bhfuil do
ghníomhaire taistil in ann an t-eolas seo a thabhairt duit, ba
chóir duit teagmháil a dhéanamh le hAmbasáid na tíre a bhfuil tú
chun cuairt a thabhairt uirthi.
Tá liosta de na
tíortha a bhfuil Caidreamh Taidhleoireachta ag Éirinn leo le fáil
anseo. Mura bhfuil Ambasáid ar an liosta, ba chóir duit
glao a chur ar Fhiosruithe Eolaí Idirnáisiúnta chun seoladh agus
sonraí teileafóin Ambasáide is gaire na tíre sin a fháil nó an
t-eolas sin a chuardach ar an Idirlíon.
ÁRACHAS TAISTIL
Molann an Roinn Gnóthaí Eachtracha go tréan árachas taistil cuimsitheach a fháil sula dtaistealaíonn tú thar lear. Ba chóir duit a chinntiú go gcumhdaíonn do pholasaí cóireáil leighis, timpistí agus caillteanais neamhbheartaithe cosúil le heitiltí cealaithe nó airgead tirim, cártaí, pasanna nó bagáiste goidte. Cuir go leor cumhdaigh san áireamh le híoc as an gcostas breise a bheadh i gceist le taisteal abhaile (d'fhéadfadh otharcharr aeir a bheith ag teastáil) i gcás éigeandála. Má tá cumhdach leighis príobháideach agat cheana féin, labhair le d'árachóir chun a fháil amach an bhfuil tú cumhdaithe le haghaidh taistil thar lear agus, má tá, conas leas a bhaint as an gcumhdach sin.
Má tá tú chun taisteal chuig Ballstát eile de chuid an Aontais Eorpaigh, ba chóir duit Cárta Árachas Sláinte Eorpach (EHIC) a fháil saor in aisce a thugann teidlíocht chun cóireála leighis éigeandála duit ar an mbonn céanna le duine is náisiúnach na tíre sin é nó í. NÍ thógann an cárta seo áit an árachais taistil. Tá an cárta ar fáil ó do Bhord Sláinte áitiúil nó is féidir iarratas a dhéanamh ar líne - féach www.ehic.ie le haghaidh tuilleadh sonraí. Cuirtear an EHIC in áit na Foirme E111 nach bhfuil bailí níos mó.
RÉAMHCHÚRAIMÍ SLÁINTE
Sula dtaistealaíonn tú thar lear ar feadh tréimhse fada, ba chóir
duit dul i gcomhairle le do dhochtúir chun rioscaí aitheanta nó
féideartha sláinte a phlé. Tá sé sin thar a bheith tábhachtach má
tá riocht sláinte reatha ort nó má tá tú chun cuairt a thabhairt ar
cheantar trópaiceach ina bhfuil cúinsí a d'fhéadfadh galair
ionfhabhtaíocha a scaipeadh. Má thógann tú cógas ar bhonn rialta,
ba chóir duit iarraidh ar do dhochtúir méid a ordú duit a bheidh
leordhóthanach do do chuairt agus é a thógáil leat. Moltar duit
freisin litir ó do dhochtúir a thabhairt leat a dhéanann cur síos
ar do riocht sláinte agus an cineál cógais a bhíonn ag teastáil
uait.
Tá galair áirithe leitheadach i réigiúin áirithe an domhain. Tá an
mhaláir ann i gcodanna den Afraic, sa Mheiriceá Láir agus Theas,
san Áise agus san Aigéan Ciúin. Má tá sé ar intinn agat cuairt a
thabhairt ar aon cheann de na réigiúin sin, ba chóir duit comhairle
leighis shonrach a lorg faoi conas tú a chosaint ó ghreim feithide
agus socruithe a dhéanamh chun aon chógas molta coisctheach nó
leighis a fháil. Is féidir galair nó tinnis áirithe - e.g.
calar, dinnireacht, heipitíteas A, tíofóideach, agus cineálacha
éagsúla de nimhiú bia - a tholgadh trí bhia nó uisce truaillithe a
ithe nó a ól, go háirithe i gceantair ina bhfuil na caighdeáin
sláintíochta íseal. Má tá tú chun cuairt a thabhairt ar cheantair
dá leithéid, ba chóir duit earraí bia áirithe a sheachaint, go
háirithe táirgí déiríochta, sailéid, agus bia mara, agus níor chóir
duit ach uisce i mbuidéil a ól.
Ó dheireadh 2003, tharla roinnt bristí amach den víreas fliú éanúil H5N1, atá thar a bheith pataigineach, i measc éanlaithe clóis agus éin fhiáine, ag tosú in Oirdheisceart na hÁise. Ceaptar go mbaineann riosca íseal maidir le tolgadh fliú éanúil le náisiúnaigh na hÉireann a thugann cuairt ar na tíortha i gceist. Níl aon srianta sonracha i bhfeidhm i ndáil le daoine a thaistealaíonn chuig na tíortha ina bhfuil fadhb an fhliú éanúil toisc go gcreidtear go bhfuil an riosca íseal. Chun tuilleadh comhairle agus eolais a fháil faoi fhliú éanúil. cliceáil anseo le do thoil.
Chun tuilleadh eolais a fháil faoi vacsainiú nó tuilleadh comhairle sláinte a fháil, téigh i gcomhairle le do dhochtúir nó leis an clinic sláinte taistil áitiúil. Is féidir vaicsínithe trópaiceacha a fháil ón mBiúró Leighis Trópaiceach a bhfuil ionaid aige ar fud na tíre.
CÓGAS A THABHAIRT LEAT
Má thógann tú cógas ar bhonn rialta, ba chóir duit iarraidh ar do dhochtúir méid a ordú duit a bheidh leordhóthanach do do chuairt agus é a thabhairt leat. Moltar duit freisin litir ó do dhochtúir a thabhairt leat a dhéanann cur síos ar do riocht sláinte agus an cineál cógais a bhíonn ag teastáil uait. Coinnigh an cógas uile ina phacáistíocht bhunaidh agus tú ag taisteal.
AIRGEAD
De ghnáth, is iad seiceanna taistil agus cártaí creidmheasa
idirnáisiúnta an bealach is sábháilte le hairgead a iompar má tá tú
ag taisteal thar lear. I gceantair iargúlta, áfach, seans nach
mbeidh tú in ann iad a úsáid. Labhair le do ghníomhaire taistil
sula n-imeoidh tú faoin mbealach is fearr le hairgead a iompar.
Moltar i gcónaí líon beag d'airgeadra áitiúil a iompar chun íoc as
busanna nó tacsaithe nó chun rudaí beaga a cheannach nó chun
glaonna teileafóin a dhéanamh.
Breac síos uimhir éigeandála 24 uair a chloig an bhainc a d'eisigh
do chárta creidmheasa chun gur féidir leat é a chealú má ghoidtear
é.
Breac síos uimhreacha sraithe do sheiceanna taistil chun go mbeadh
sé níos éasca seiceanna nua a fháil ina n-ionad má ghoidtear
iad.
Bí ar an eolas go bhféadfadh fadhbanna a bheith agat má tá an
t-ainm ar do sheiceanna taistil nó cártaí creidmheasa éagsúil ón
ainm ar do phas.
AG TIOMÁINT THAR LEAR
Má tá sé ar intinn agat bheith ag tiomáint thar lear, bí cinnte go
bhfuil do cheadúnas tiomána bailí agus go dtógann tú leat é. I
roinnt tíortha lasmuigh den Limistéar Eorpach Eacnamaíoch
(Ballstáit an Aontais Eorpaigh, an Iorua, an Íoslainn agus
Lichtinstéin) seans go mbeidh de cheangal ort Cead Tiomána
Idirnáisiúnta a iompar le cois do cheadúnas tiomána Éireannach.
Déan é sin a sheiceáil le hAmbasáid nó
Consalacht na tíre i
gceist sula n-imíonn tú. Déan cinnte go bhfuil árachas ceart agat
le haghaidh tiomána thar lear.
Bí ar an eolas go bhféadfadh deacrachtaí a bheith agat má tá an
t-ainm ar do cheadúnas tiomána éagsúil ón ainm ar do phas.
TREALAMH LEICTREACH
Úsáideann tíortha éagsúla plocóidí agus soicéid leictreacha éagsúla
agus seans go mbeidh plocóidí cuibhithe ag teastáil uait chun cur
ar do chumas fearas leictreach cosúil le triomadóirí gruaige,
rásúir leictreacha srl. a thóg tú leat ó Éirinn a úsáid. Is féidir
na plocóidí cuibhithe seo a cheannach ag aerfoirt.
Ná déan dearmad gurb é 110v an voltas sna Stáit Aontaithe i
gcomparáid le 220v in Éirinn, agus mar sin, ní oibreoidh a lán
fearais Éireannacha sna SA.
Má tá tú chun guthán soghluaiste a thabhairt leat, seiceáil go
n-oibreoidh sé sa tír a bhfuil tú ag taisteal chuici. Seiceáil le
do sholáthraí seirbhíse cé mhéad a chosnóidh sé glaonna a dhéanamh
agus a fháil. Féadann táillí fánaíochta a bheith an-ard agus mar
sin d'fhéadfadh sé a bheith an-chostasach guthán soghluaiste
Éireannach a úsáid thar lear.
SONRAÍ TEAGMHÁLA ÉIGEANDÁLA
Breac síos sonraí teagmhála na hAmbasáide nó
Consalachta Éireannaí is gaire duit fad is a bheidh tú thar
lear, ar eagla go mbeidh ort teagmháil phráinneach a dhéanamh
leo.
Fág do shonraí teagmhála agus pleananna taistil le duine éigin sa
bhaile ar féidir leis nó léi iad a thabhairt chuig Rannóg
Consalachta na Roinne Gnóthaí Eachtracha i gcás éigeandála.
RÉAMHCHÚRAIMÍ SPEISIALTA EILE
Féach ar an gComhairle Taistil
chun aon chomhairle speisialta a fháil a d'fhéadfadh a bheith i
gceist don tír a bhfuil tú chun taisteal ann.
Ná déan dearmad go bhfuil seans ann go mbeidh gá le ham breise do
shocruithe réamh-eitilte mar gheall ar na socruithe slándála
feabhsaithe ag aerfoirt. Déan teagmháil le d'aerlíne nó do
ghníomhaire taistil sula n-imíonn tú chun a fháil amach an bhfuil
aon srianta ar eitiltí a d'fhéadfadh dul i gcion ort.
Má tá tú chun dul chuig ceantair iargúlta ina mbeidh tú i bhfad ó
Ambasáid Éireannach, fág dhá ghrianghraf pas agus dhá shíniú, ar
fhoirm iarratais phas más féidir, le cairde i mBaile Átha Cliath nó
gar d'Ambasáid. Má chailltear nó má ghoidtear do phas, d'fhéadfadh
sé sin an próiseas chun é a athchur a luathú.

