Na Rialacháin Eorpacha maidir le Bagáiste Láimhe

Ón 6 Samhain 2006 ar aghaidh, ní féidir ach líon an-bheag leachtanna agus glóthacha a thabhairt trí na pointí scagtha paisinéirí ag aerfoirt uile an Chomhphobail Eorpaigh.

Áirítear ar leachtanna agus glóthacha:

  • taois
  • lóis
  • meascán de leachtanna/solaid
  • inneachar coimeádán faoi bhrú

Samplaí:

  • taos fiacla
  • glóthach gruaige
  • deochanna
  • anraithí
  • síoróipí
  • cumhrán
  • smideadh
  • snas béil
  • sobal bearrtha
  • aerasóil

Coimeádáin do Leachtanna agus Glóthacha

Ní féidir le coimeádáin a bheith níos mó ná 100 millilítear i méid

Caithfear na coimeádáin a iompar i mála trédhearcach in-athshéalaithe

Caithfidh an mála a bheith níos lú ná 1 lítear i méid

Ní cheadaítear ach mála amháin in aghaidh an phaisinéara

Ní mór don mhála plaisteach bheith séalaithe

Beidh málaí plaisteacha oiriúnacha ar fáil ag an aerfort ar feadh tréimhse ghairid

Cógais, Táirgí d'Aistí Bia Speisialta, Bia Linbh - méideanna níos mó:

  • Ceadaítear iad má tá sé riachtanach iad a úsáid le linn an turais
  • Féadfar iarraidh ar phaisinéirí a chruthú go bhfuil na táirgí seo fíréanta

 

Ní mór na leachtanna uile a sholáthar le haghaidh scrúdaithe sa mhála séalaithe ag an bpointe scagtha.

Earraí ceannaithe i ndiaidh an scagtha

  • Féadfar leachtanna agus glóthacha ar ghnáthmhéid a cheannach i ndiaidh an phointe scagtha agus ar bord an eitleáin
  • Má táthar chun iad a thógáil trí phointe scagtha paisinéirí eile ag aerfort eile de chuid an AE ar an lá céanna, ní mór dóibh bheith i mála dúnta a mbeadh sé soiléir dá gcuirfí isteach orthu in éineacht le cruthúnas ceannaigh.

Bagáiste atá Seiceáilte Isteach
Níl aon athrú tagtha ar na rialacha maidir le leachtanna agus glóthacha a iompar i mbagáiste a sheiceáiltear isteach.

Barr

Nithe Gaolmhara

Naisc Ghaolmhara

Níl aon naisc le taispeáint faoi láthair.

Ailt Ghaolmhara

Níl aon naisc le taispeáint faoi láthair.

Cáipéisí Gaolmhara

Níl aon naisc le taispeáint faoi láthair.
Barr