Fíordheimhniú Doiciméad

Is í Rannóg na Seirbhísí Consalachta de chuid na Roinne Gnóthaí Eachtracha atá freagrach as Fíordheimhniú doiciméad.

Réamhrá

Is féidir leis an Roinn Gnóthaí Eachtracha Fíordheimhniú nó Apostille a dhéanamh ar dhoiciméid arna forghníomhú in Éirinn agus atá le húsáid i dtíortha eile.  Féadann Misin Taidhleoireachta agus Chonsalachta Éireannacha thar lear fíorú a dhéanamh ar dhoiciméid arna forghníomhú thar lear agus atá le húsáid in Éirinn.

Níl i gceist le doiciméad a fhíordheimhniú ach dearbhú gur fíor an síniú, an séala nó an stampa atá ar an doiciméad sin.  Is éard atá i gceist le doiciméad a fhíorú ná fíordheimhniú a dhéanamh air chun go nglacfaidh cúirt de chuid na hÉireann leis.

Ní hionann Fíordheimhniú ná Fíorú agus a rá go bhfuil an doiciméad cruinn nó go bhfaomhann an Roinn Gnóthaí Eachtracha an t-ábhar.


Cén fáth nach mór Fíordheimhniú nó Apostille a dhéanamh ar dhoiciméid?

Más rud é go bhfuil sé ar intinn agat doiciméid Éireannacha a úsáid thar lear chun críche gnó nó pearsanta d'fhéadfaí a iarradh ort go ndéanfadh an Roinn Gnóthaí Eachtracha Fíordheimhniú nó Apostille orthu.  Ar an ábhar sin ba chóir duit ceist ar chur ar an údarás sin a gcuirfidh tú na doiciméid faoina bhráid cad iad na riachtanais atá acu maidir le Fíordheimhniú nó le Fíorú.

Cad is Apostille ann?

Chuir Coinbhinsiúin na Háige 1961 deireadh leis an riachtanas a bhíodh ar thíortha atá ina bpáirtithe sa Choinbhinsiún fíorú a dhéanamh ar Dhoiciméid Poiblí Eachtrannacha (teastais bhreithe, bháis agus phósta agus doiciméid arna n-eisiúint ag Nótaire Poiblí, mar shampla).  Tugadh feidhm don Choinbhinsiún in Éirinn an 9 Márta 1999.  Féach ar a láithreán gréasáin chun tuilleadh eolais a fháil faoi Choinbhinsiún na Háige.

Féadfaidh tíortha atá ina bpáirtithe sa Choinbhinsiún a iarraidh ar an té a bhfuil doiciméad a d'eisigh údarás poiblí ina s(h)eilbh aige nó aici Apostille a fháil ón tír a d'eisigh an doiciméad.

Is éard atá i gceist le 'Apostille' ná teastas a chur leis an doiciméad, bíodh sé stampáilte air nó greamaithe dó. Deimhníonn sé an tír inar eisíodh an doiciméad, aitheantas agus feidhm an té ar shínigh é agus ainm aon údaráis a dhaingnigh séala nó stampa ar an doiciméad.

Doiciméid ar féidir linn Fíordheimhniú nó Apostille a dhéanamh orthu 

Féadfaidh an Roinn Gnóthaí Eachtracha Fíordheimhniú nó Apostille a dhéanamh ar dhoiciméid Éireannacha ar choinníoll go bhfuil síniú, séala nó stampa bunaidh oifigigh nó eagraíochta poiblí atá i mbun cleachtais in Éirinn ar an doiciméad.  Is ionann doiciméad Éireannach agus doiciméad de bhunús na hÉireann nó a forghníomhaíodh in Éirinn.  Más rud é go bhfuil aturnae, Nótaire Poiblí nó Coimisinéir Mionn atá i mbun cleachtais in Éirinn ag síniú doiciméid ba chóir don té sin a thabhairt le fios go soiléir cad é go baileach atá á dhearbhú aige nó aici maidir leis an doiciméad.  Caithfidh an té sin a (h)ainm féin a shíniú agus gan síniú cuideachta a úsáid.

Samplaí de na Doiciméid ar féidir leis an Roinn Fíordheimhniú nó Apostille a dhéanamh orthu

Féadfaidh an Roinn Gnóthaí Eachtracha Fíordheimhniú nó Apostille a dhéanamh ar dhoiciméid phoiblí a forghníomhaíodh i gcríocha Stáit Conartha Amháin agus a gcaithfear a chur ar fáil i gcríocha Stáit Chonarthaigh eile.

Samplaí:  

  • Teastais bhunaidh arna n-eisiúint ag Oifig an Chláraitheora Ghinearálta
  • Doiciméid um chuideachta arna n-eisiúint ag an Oifig um Chlárú Cuideachtaí
  • Doiciméid arna síniú ag Comhlachais Tráchtála na hÉireann
  • Féadfar doiciméid cúirte, Cumhachtaí Aturnae agus Gníomhartha Nótaireachta a Fhíordheimhniú ar choinníoll go bhfuil síniú, séala nó stampa bunaidh Aturnae Éireannaigh nó Nótaire Phoiblí atá i mbun cleachtais in Éirinn orthu
  • Is féidir Teastais Oideachais a Fhíordheimhniú ar choinníoll go mbaineann siad leis an gCreatlach Náisiúnta Cáilíochtaí a bhunaigh Údarás Náisiúnta Cáilíochtaí na hÉireann nó go dtugann an Roinn Oideachais aitheantas dóibh
  • Is féidir linn Fíordheimhniú nó Apostile a dhéanamh freisin ar thuairiscí liachta arna síniú ag dochtúir atá cláraithe le Comhairle na nDochtúirí Leighis

Ní mór coinne a dhéanamh má tá líon mór doiciméad ag duine agus i gcas sainchomhad iomlán uchtaithe coigríche.

Fótachóipeanna de Dhoiciméid
Is féidir linn Fíordheimhniú nó Apostille a dhéanamh ar fhótachóipeanna de chineálacha áirithe doiciméad ar choinníoll go ndearna Aturnae Éireannach nó Nótaire Poiblí atá i mbun cleachtais in Éirinn iad a dheimhniú.  Ba chóir duit dearbhú a fháil ón údarás a gcuirfidh tú an doiciméad faoina bhráid go nglacfaidh siad le cóip dhearbhaithe.

Conas Fíordheimhniú nó Apostille a fháil i gcomhair do Dhoiciméid

Maidir le doiciméid a forghníomhaíodh in Éirinn agus a bhfuil Fíordheimhniú nó Apostille le déanamh ag an Roinn orthu, is féidir iad:

A chur faoi bhráid na Roinne ag a hOifig Phoiblí ag an seoladh seo a leanas:

An Rannóg Consalachta
An Roinn Gnóthaí Eachtracha
Teach Hainault
69-71 Faiche Stiabhna
Baile Átha Cliath 2

nó is féidir iad a sheoladh ar an bpost chuig:

An Rannóg Consalachta
An Roinn Gnóthaí Eachtracha
80 Faiche Stiabhna
Baile Átha Cliath 2

Caithfidh na rudaí seo a leanas a bheith iniata le doiciméid a sheoltar ar an bpost: 
Litir ghearr ag insint d'ainm, do sheoladh fillte mar aon le d'uimhir theileafón; caithfidh tú a insint cén tír ina n-úsáidfear an doiciméad (na doiciméid) agus caithfidh tú an táille chuí a sholáthar.


Teil. (01) 408 2174
        (01) 4082322 
        (01) 4082061
        (01) 4082576

I gcomhair limistéar na Mumhan:

Seirbhísí Consalachta,
An Roinn Gnóthaí Eachtracha,
1A An Mál Theas
Corcaigh

Teil:     021 4944765  
            021 4944766

Uaireanta Oscailte:
Is iad seo a leanas uaireanta oscailte na nOifigí Poiblí i mBaile Átha Cliath agus i gCorcaigh:  
Luan-Aoine (gan laethanta saoire bainc san áireamh)

09.30-13.00   14.30-16.00

Táillí
Gearrtar táille €20.00 ar gach Apostille nó Fíordheimhniú.  Gearrtar táille chaighdeánach €50.00 i gcás sraithe Apostille nó Fíordheimnithe maidir le huchtú idir thíortha.

Tabhair faoi deara go bhféadadh táille riaracháin bhreise a bheith i gceist má dhéantar iarratas ar na seirbhísí seo inár n-oifigí thar lear.  Inseofar cad iad na táillí sin ach é sin a iarradh.

Modhanna íocaíochta

Féadfar íocaíocht a dhéanamh le hAirgead Tirim, le Seic (iníochta leis 'An Roinn Gnóthaí Eachtracha'), le hOrdú poist, le Dréacht Bainc nó le cárta Creidmheasa nó Dochair.

Ní mór a thabhairt faoi ndeara go gcaithfear gach seic a tharraingt ar bhanc Éireannach.

Fíorú

Féadfaidh Misin Taidhleoireachta agus Chonsalachta thar lear fíorú a dhéanamh ar dhoiciméid arna forghníomhú thar lear agus atá le húsáid in Éirinn.

Cur faoi mhionn, faoi dhearbhú agus faoi dhearbhú reachtúil, agus cóipeanna de dhoiciméid a dhearbhú:

Tá sé de chumhacht ag Oifigigh Taidhleoireachta agus Consalachta, faoi reachtaíocht na hÉireann, daoine a chur faoi mhionn, faoi dhearbhú agus faoi dhearbhú reachtúil.  Lena chois sin féadfaidh siad cóipeanna de bhundoiciméid nó d'aistriúcháin Éireannacha a dheimhniú.

Téigh i dteagmháil le Misean Taidhleoireachta nó Consalachta Éireannach  is gaire duit má tá aon cheann de na seirbhísí sin ag teastáil uait.

Inseoidh an Misean sin duit cad a chosnóidh na seirbhísí sin ort in airgeadra na tíre sin ach é sin a iarradh. 

Barr

Nithe Gaolmhara

Naisc Ghaolmhara

Níl aon naisc le taispeáint faoi láthair.

Cáipéisí Gaolmhara

Níl aon naisc le taispeáint faoi láthair.
Barr